Stair
Sa bhliain 1893 a tógadh an chéad Scoil Náisiúnta ar an gCeathrú Rua, san áit a bhfuil an Acadamh ag Coláiste na hOllscoile anois.
Breis is trí scór bliain ina dhiadh sin, i 1956 sea tógadh Scoil Náisiúnta Mhic Dara agus i 2006 bhí ceiliúradh 50 bliain na scoile again.
Faoi láthair, tá 191 páiste ag freastal ar an scoil, le Príomh Óide Leas Phríomh Óide agus 11 múinteoirí, mar aon le beirt chúntóirí ranga. Is trí mheán na Gaeilge a bhíonn ranganna, imeachtaí agus dualgaisí dá riaradh sa scoil. Déantar cinnte i gcónaí nach maslaítear duine ar bith mar gheall ar chreideamh, dath, intleach, réasúnn nó cúlra.
Imeachtaí breise ata curtha ar fail ag an scoil don phobal scoile, ar mhaith le buanú agus treise saibhreas na Gaeilge, chun an cultúr agus traidisiún an cheantair a neartú agus a chaomhnú.
• Saotharlann Ríomhaireachta
• Scéim Físe
• Corp Oiliúint
• Bia Folláin/Sláintiúil
• Ranganna Cócaireacht
• Ranganna Ealáine
• Ranganna Timpeallacht agus Nadúir
• Tuais Óideachais Scoile
• Clubanna Obair Baile- Sóisearach/Sinsearach
• Ranganna Cúntóir Gaeilge do pháistí atá ar bheagán Gaeilge
• Club Leabharlann An Scailp agus Aonach na Leabhar
• Gníomhaíochtí Athchúrsail- An Brat Glas
• Ranganna Amhránaíocht ar an Sean-Nós
• Ranganna Ceoil Traidisiúnta
• Ranganna Drámaíochta
• Cór na Scoile
• Cumann Lúthchleas Ghael na Ceathrún Rua
• Cispheil
• Tag Rugbaí
Drámaíocht
Bíonn drámaí dá léiriú ar an stáiste i halla na scoile ag na Cumainn aitiúla, chomh maith le Cumainn Drámaíochta ó cheantair eile le linn an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta.
Coláiste Gaeilge
Is ionad lárnach í Scoil Mhic Dara do Choláiste Chiaráin- a chuireann cúrsaí ar fail d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge a thagann ó cheann ceann na tire.
Oibríonn Foireann na Scoile, An Bord Bainistíochta agus Coiste na dTuismitheoirí as lámh a chéile ar son Oideachas agus forbairt agus beatha an linbh i Scoil Náisiúnta Mhic Dara.