Rialacha na scoile
(1) Clár Ama: Scoil ar oscailt ag 8.50 gach maidin. Ba chóir duit teacht isteach idir 8.50-9.00
(2) Am Sos agus Leithreas:
Sos
10.40 -10.50 Leithreas agus spraoi, amuigh.
12.00-12.10 Lón
12.10-12.40 Leithreas agus spraoi taobh amuigh.
Leithreas
Beidh cead agat dul go dtí an leithreas ag na h-amanna seo:
(1) Ag teacht isteach duit ar maidin
(2) Ag dul amach duit ag 10.40 agus arís ag 12.10
(3) Má tá tú tinn nó ar chúis speisialta ar bith eile is féidir cead a fháil ón :múinteoir sa rang, ón múinteoir sa gclós – idir 12.10 – 12.40. Má bhíonn ar ort dul abhaile cuirfear glaoch ón oifig agus cuirfear do thuismitheoir / caomhnóir ar an eolas.
(4) Má theastaíonn uait dul amach ón rang níos minicí ná sin gach lá caithfidh do thuismitheoirí labhairt leis an múinteoir faoi.
(2) Sa Chlós:
(1) Níl cead isteachas an gclós ag aon duine – ó théann tú amach ag am spraoi go dtí go mbuailtear an clog le theacht isteach.
(3) Ag imirt sa clós:
(A) Tóg bog é agus bíodh omós agat do dhaoine eile. Fair amach nach ngortófar aon duine eile mar gheall ort.
(B) Má théann liathróid thar an gclaí fág í, abhair leis an múinteoir é, déanfaidh an múinteoir socrú éigin faoin scéal. Níl cead ag aon ghasúr dul amach as clós na scoile i rith am sosa.
(C) Ná téigh ariamh siar ag spraoi in aici na gcéimeanna/staighre- Tá sé i bhfad ró chontúirteach ansin.
(D) Ná téigh soir ar chúl an halla ná timpeall na scoile.
(4) Sa Rang:
(A) Bíodh ómós agat i gconaí don mhúinteoir nó má gasúir eile sa seomra leat.
(B) Má thagann duine eile ag caint leis an múinteoir amach ar chúis ar bith-lean ar aghaidh le do chuid oibre go ciúin nó tóg amach leabhar ach ná bíodh caint leo ná torann le cloisteáil timpeall ort.
(C) Coinnigh an áit glan néata i gconaí.
(5) Ag ithe sa scoil:
(1) Bíodh lón agat gach lá- beidh cead agat é sin a ithe ag 12.00.
(2) Ná tabhair milseáin, guma coganta ná criospaí isteach ag an scoil ariamh –Níl cead agat. Féach polasaí Bia Folláin
COINNIGH AN ÁIT GLAN – BAIN ÚSÁID AS AN MÁLAÍ BRUSCAIR.
Rialacha eile:
(1) Ag teacht isteach ar maidin agus ag dul amach tráthnóna duit- bain úsáid as geata na scoile ná téigh ariamh thar an mballa.
(2) Má theastaíonn uait dul chuig dochtúir, fiaclóir nó rl. i rith am scoile beidh cead agat, ach nóta a bheith agat ó do thuismitheoirí – nó is féidir le do thuismitheoir teacht isteach agus cead a fháil duit. Beidh an leabhar Síneadh Amach le síniú ag an té a thabharfas abhaile thú.
(3) Siúl ar thaobh na láimhe deise sa bpasáiste, ag dul amach agus ag teacht isteach duit.
(4) Bí go deas múinte le cuairteoirí agus daoine a thagann isteach go dtí an scoil .Cabhraigh leo ar pé bealach is féidir leat.
GAEILGE:
Sí an Ghaeilge teanga na scoile seo. Mar sin, beidh súil againN gur Gaeilge amháin, a bhéas le clos i gconaí timpeall na háite.
Ghlac an Bord Bainistíochta leis an bpolasaí seo.
Sínithe: An tAth. Ciarán de Bláca
Dáta: 30/09/2011