Polasaí Gaeilge Scoil Mhic Dara
Is scoil Ghaeltachta í Scoil Mhic Dara. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus mhúinteoireachta na scoile seo. Déanfar gach cumarsáid le tuismitheoirí agus páistí tré Ghaeilge ach amháin nuair nach féidir é sin a dhéanamh.
Beidh cruinnithe foirne, na ndaltaí agus an Bhoird Bainistíochta go hiomlán i nGaeilge. Ag gach ócáid phoiblí, sí an Ghaeilge a bheidh chun tosaigh. Tabharfar aitheantas chiallmhar do chuaitreoirí agus go háitithe do thuismitheoirí, nach bhfuil aon Ghaeilge.
Déanfar sár iarracht i gconaí go mbeidh Gaeilge líofa ag aon aoí nó saineolaí a thagann chun labhairt nó plé leis na daltaí, leis an bhfoireann, leis na tuismitheoirí agus leis an mBord Bainistíochta. Glacfar le saineolaí le Béarla, muna bhfuil a mhalairt ann. Beidh cead i gcónaí ón mBord Bainistíochta roimh ré.
Déanfar cinnte de ins an bPolasaí Iontrála go mbeidh tuiscint iomlán ag gach tuismitheoir gur scoil Ghaeltachta í an scoil seo agus go dtuigeann said go soiléir na himpleachtaí a bhaineann leis seo.
Múinteoirí.
Tá Gaeilge líofa, riachtanach do gach múinteoir. ‘Sí an Ghaeilge teanga an tseomra foirne, an tseomra ranga, teanga na páirce imeartha, turasanna agus gach áit a mbíonn daltaí agus múinteoirí bailithe. Múinfear gach ábhar tré Ghaeilge ach amháin an Béarla.
Daltaí
Beifear ag súil gur b’í an Ghaeilge a bhéas dá h-úsáíd ag páistí ag:
(1) caint leis na múinteoirí
(2) caint eatarthu féin sa rang
(3) spraoi sa gclós agus ag imirt cluichí.
Glacfar leis gur ag an mbaile is mó a bhéas tionchar ar dhearcadh na bpáistí ar an nGaeilge agus ar an meas a bhéas acu ar a dteanga dhúchais.
Foireann Tacaíochta na Scoile.
Arís, is tré Ghaeilge a dhéanfaidh an Runaí, an Cúntóir Ranga agus Cúntóir Teanga, a gcuid oibre agus iad ag déileáil le foireann agus daltaí na scoile.
Coiste na dTuismitheoirí.
Is tré Ghaeilge amháin a dhéanfar gnothaí an Choiste a reachtáil. Bíonn cruinnithe ag baill den choiste le fo-choiste múinteoirí faoin nGaeilge a chur chun cinn i measc pobal na scoile go mórmhór iad siúd ar bheagan Gaeilge.
Sí ár n’aidhm sa scoil seo ná:
Go mbeadh líofach mhaith sa nGaeilge agus sa mBéarla ag gach dalta ag fágáil na scoile dóibh agus gur mó é a meas ar a máthair theanga dá bharr.
Sínithe:_An tAth Ciarán de Bláca
Dáta:__30’/09/2011_____