top of page

Polasaí Obair Bhaile


                        Scoil Mhic Dara. 19932H

1) Cén fáth?


(a) Chun an méid a bhíonn foghlamtha acu i rith an lae a athneartú.
(b) Le neasc a chothú idir an tuismitheoir/ caomhnóir agus an múinteoir agus an dalta.
(c) Díriú intinne a fhorbairt agus cleachtais oibre a fhobairt.
(d) Ba cheart go mbeadh an dalta in ann  an obair  bhaile a dhéanamh as a chonlán féin, ón gcleachtadh atá déanta aige ar an obair sin sa scoil.
(e) Bheifí ag súil go mbeadh ar chumas an dalta an obair bhaile a dhéanamh.

 

(2) Cé chomh minic?

 

I rith na seachtaine, Luan go Déardaoin.
Eiscceachtaí
(a) Muna mbeadh an obair déanta i rith na seachtaine ar chúiseanna áirithe.
(b) Dá mbeadh obair an thionscnaimh ar siúl ag na hard ranganna a d’fheillfeadh don deireadh seachtaine.
(c) D’fheadhfadh obair bhaile breise a bheith ag daltaí scaití má bhíonn siléagacht ag baint lena gcuid obair bhaile irl.


(3) Cén Obair Bhaile?


(a)  Léamh: Téasc agus leabhair leabharlainne. Ceapann daltaí go minic nach obair bhaile é an léamh agus dá bhrí sin ba chóir aird speisialta a thabhairt don léitheoireacht.
(b) Foghlaim de ghlan mheabhair tablaí, litriú, tíreolais irl.
(c) Scríobh, abairtí, aistí, dathú, pictiúir, ceartú.
(d) Bailiú do thionscnamh irl.

 

(4) Cé méid ama?


Naíonáin Shóisir  0-10 nóiméad
Naíonáin Shinsir  0-20 nóiméad
Ranganna 1 & 2  0-30 nóiméad
Ranganna 3 & 4  0- 45 nóimead
Ranganna 5 & 6  uair an chloig

(5) Cén cúnamh?


(a) Deis cheart chompórdach a bheith ar fáil don dalta le neart  solais, gan aon chur isteach ón teilifís ná nó ó ghasúir eile.
(b) Ba cheart  dóibh féin an obair a dhéanamh gan chabhair ach amháin nuair atá deacrachtaí acu agus an chabhair sin a thabhairt trí shamplaí eile a thaispeáint agus a mhíniú dóibh.
(c) Má tá deacrachtaí ag an dalta go minic ba chóir é sin a chur in iúl don múinteoir.
(d) Is maith an rud léamh leis an dalta go minic má tá sé ag baint taitnimh as.

 

(6) Féachaint ar an Obair Bhaile?


Ba mhaith an nós é féachaint ar an obair bhaile gach oíche.
Is minic a bhíonn fógraí, litreacha nó foirmeacha sna málaí agus is deas an nós na málaí a chuartú.

(7) Ceartaíonn an múinteoir an obair bhaile gach lá chomh fada agus is féidir.

 

Sínithe:_Ath. Ciarán  de Bláca
Dáta:_       30/09/2011

TEAGMHÁIL

Scoil Náisiúnta Mhic Dara,

An Cheathrú Rua,

Co. na Gaillimhe
Fón - 091-595395

bottom of page