CÓD SMACHTA
1. Iompar Ranga.
2.Iompar Clóis agus Timpeallachta na Scoile.
TREOIRLÍNTE SMACHTA.
Beifear ag súil go n-iompraíonn gach dalta é féin go freagarach í gcónaí. Beifear ag éileamh meas, agus béasa ó gach dalta i leith a chomh – dhaltaí agus daoine fásta. Caithfear meas a thaispeáint freisin, ar chuid gach duine, agus ar chuid na scoile í gcónaí.
IOMPAR RANGA
1. Meas agus cuirtéis a bheith dá thaispeáint sa seomra ranga i gcónaí, ag gach dalta, ionas go mbeidh gach páiste ábalta foghlaim i dtimpeallacht shábháilte.
2.Caithfidh daltaí comh-oibriú le treoracha an mhúinteora.
3.Beifear ag súil go mbeidh daltaí ionraic agus cóir ag déileáil lena gcomh-dhaltaí agus múinteoirí.
4.Beifear ag súil go ndéanfadh daltaí an obair bhaile a leagtar amach dóibh, bíodh sé ina obair scríofa, obair bhéil, foghlaim de glan mheabhair, nó tograí éagsúla. Beifear ag súil go mbeadh an obair bhaile, néata slachtmhar agus so-léite.
5.Beifear ag súil go mbeidh na riachtanais áirithe ag an scoil gach lá ag páiste; i.e, leabhair, pinn luaidhe, cóipleabhair, pin irl. agus lón biadhúil , substaintúil. Beidh gach páiste freagrach as a chuid féin.
6.Iosfaidh na daltaí lón san seomra ranga, nó san ionad atá ceapaithe ag foireann na scoile. Má bhíonn an aimsire feiliúnach, beidh cead acu dul amach sa gclós. Ní íosfar aon bheatha i gclós na scoile.
7.Má bhíonn ar dhalta fanacht istigh le linn sosa, ar chúiseanna faoi leith; m.sh. sláinte/ gortú/ &rl. caithfidh tuismitheoirí nó caomhnóirí , litir a sheoladh ag an bPríomhoide ag soiléiriú an údair, a mbeidh an páiste istigh.
8.Bainfear úsáid as leithris na scoile mar atá léirithe i Rialacha na Scoile.
SAMPLAÍ DE DHROCHIOMPAR
1. Ag cur an ranga trína chéile.
2. Gan obair bhaile ná scoile a chur ar fáil de réir éilimh agus caigdéan na scoile.
3. Ag coinnéal cocaireachta le múinteoir, nó a bheith stuacach, grUamach sa ranga nó i dtimpeallacht na scoile.
4. Droch-íde (Gortú nó ide bhéil, maslú ,droch-caint) a dhéanamh ar dhalta eile nó ar mhúinteoir.
5. Gadaíocht.
6. Ag bagairt, fiod – mhagadh nó ag fonóid faoi dhaltaí eile nó múinteoirí.
7. Ag cneamhaireacht nó ag caimiléireacht ar obair ranga (m.sh. ag cópéail & rl).
IOMPAR CLÓIS AGUS TIMPEALLACHTA
1.Tabharfaidh na daltaí a cheart féin do gach duine i gclós na scoile.
2.Fanfaidh na daltaí taobh istigh de theorainn na scoile le linn am oifigiúil , mura bhfuil cead speisialta tughta ag an múinteoir don dalta fágáil.
3.Beidh omós agus meas ag daltaí ar mhuinteoirí.
4. Coinneofar an scoil agus a timpeallacht glan, slachtmhar de réir rialacha na scoile.
5. Freagróidh daltáí glaoch an chloig, nó an mhúinteora ar an bpoinnte.
6. Cosc iomlán ar eascainí, droch-chaint agus leas-ainmneacha.
7. Níl chead a bheith ag rith i bhfiántas , ná go contúirteach í seomraí , ranga, leithris, hallaí ná í gclós na scoile. Chun a bheith slán sábháilte beidh ord agus eagar ar gach dalta ina shiúl agus ina bhealach agus cloífidh sé le rialacha agus treoracha na múinteoirí.
SAMPLAÍ DE DHROCH-IOMPAR CLÓIS AGUS TIMPEALLACHTA
1.Troid, ag ciceáil ag brú ag béicíl, ag strapadóireacht , nó ag caitheamh cloch, nó aon rud a chuirfeadh daltaí eile i gcontúirt.
2.Ag imirt cluichí contúireachta gan chead.
3. Ag maistínteacht, dailtíneacht nó ag bulaíocht/ leas-ainmneacha, drochcaint chlóis, ceann ar aghaidh.
5.An scoil nó an clós a fhágáil gan cead an mhúinteora.
6. Easpa poncúlachta agus a bheith neamh-áirdúil ar ordú agus glaoch an mhúinteora.
7. Ag ais-fhreagairt nó a bheith teann, mí-mhúinte le múinteoir.
8. Ag síor-chothú mí –shuaimhnis, ag magadh nó “ag boycottail”.
9.Damáiste a dhéanamh do chuid na scoile.
10.Graffitti.
11. Gadaíocht.
SMACHTBHANNAÍ
Cuirfear smachtbhannaí nó pionóis i bhfeidhm, ar mhaith le ritheacht éifeachtach na scoile ,más gá. Tá duaglas leathan, ar Phríomhoide na scoile, smacht a chuir i reím agus i bhfeidhil sa scoil. Tá dualgas smacht ar gach oide, i leith a sheomra ranga féin. Má bhíonn mór-chúiseanna mí-iompair i gceist, beidh ar an bPríomhoide déileáil leis na fadhbanna.
BEALAÍ NÓ STRAITÉISÍ LE DEILEÁIL LE MÍ-IOMPAR
Úsáidfear na bealaí éagsúla seo le déileáil le mí-iompar.
1.
A) Labhairt go réasúnach leis an dalta
B) Ceartú agus moladh
C) Scaradh nó dealú ( Sealadach) óna chairde
D) Cuairt ar an bPríomhoide
E) Teangmháil le tuismitheoirí
F) Curtha ar fíonraí ( sealadach)
2. Coinneoidh múinteoirí tuairsc ar chuile ócáid mí-iompar a thárloíodh ina seomra ranga, chomh maith le tuairisc freisin a scríobh ar an bhfeabhas a thagann ar pháistí míonósacha. Sul má théitir i ngleic le smacht –bhannaí géara( m.sh,curtha ar fíonraí) rachfar i muinín na cainte ar dtús le tuismitheoirí.
3. Déanfar teangmháil le tuismitheoirí tré na gráth-mheaín; ie. Litir, glaoch gutháin nó cómhrá. Tabharfar cuireadh do tuismitheoirí an dalta, a theacht ag an scoil. Pléifear go mion, mí –iompar an linbh.
4.Bhreathnófaí ar bhagairt dhúshlánach nó bhagaracha a dhéanfaí ar mhúinteoirí mar mí-iompar trom-chúiseach:
A) Má bhíonn mí-iompar trom-chúiseach seasta i gceist, chuirfí an cás faoi bhráid Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta.
B)Chuirfí iarratas í scríbhinn chuig tuismitheoirí an linbh, ag thabhairt cuireadh dóibh a theacht chun na scoile. Phléifí an cás leis an bPríomhoide, agus an Cathaoirleach. Mura a dtabharfadh na tuismitheoirí geallúint go dtiocfadh athrú béasa ar an dalta, d’fhéadfaí an dalta sin a chur ar fionraí ar bhonn sealadach.
5. Má thagann cás trom-chúiseach chun cinn tá sé de chumhacht ag an mBord Bainistíochta, údarás a thabhairt don Cathaoirleachtagus don Phríomhoide, dalta a chur ar fionraí láithreach, tar éis an cás a phlé leis na tuismitheoirí. Chuirfí “Díbirt ó scoil” i gcrích freisin í gcásanna áithrid .
6. Déanfar gach iarracht seirbhrís sic-eolaíachta a éileamh gan mhoill, do dhalta atá ina thuilleamaí. Éileofar cabhair freisin óna seirbhísí cuí ;msh, An Bord Sláinte irl.
7. Creidtear go láidir, gur ins na scoileanna a mbíonn muintearas agus caidreamh maith idir thuismitheoirí, mhúinteoirí, bhainistíocht agus dhaltaí, gurbh iad is éifeachtaí i ndeire an lae. Déanfaidh Príomhoide na scoile gach iarracht go ndéanfar cothú ar an dteangmhail, agus go mbeidh fáilte is céad roimh thuismitheoirí i gconaí lena gcuid fadhbanna a phlé. Cinnteoidh an scoil freisin, go gcloisfidh tuismitheoirí faoi dhul chun cinn suntasach a gclainne.
Ghlac an Bord bainstíochta leis an bpolasaí seo.
Sínithe__An tAth. Ciaran de Bláca. Cathaoirleach.
Dáta : 30.09.2011