top of page

Halla na Scoile

Nuair a tógadh Scoil Náisiúnta Mhic Dara sa mbliain 1956 creidtear nach raibh a leithéid d'fhoirgnimh tógtha i dtimpeallacht na Gaillimhe. Ba mhaith é scil an innealtóra ar an leagan amach, ach ní bhfearr ná sin arís go raibh halla breá mór san ionad. Bhí an obair bhaile déanta go cruinn agus go foirfe ag an gcoiste. Bhíodar fadbhreathnaitheach. Chonacthas an cultúr Gaelach i measc an cheantair. Bheadh muintir agus bpobal na h-áite in ann a n-áit a thógáil ar stáitse i measc maithe agus mór-uaisle. Thríd seo uilig cothaíodh cairdeas le daoine as ceantair éagsúla taobh amuigh 's taobh istigh den Ghaeltacht.

D'oscail doirse na drámaíochta agus fuinneoga na h-ealaíona. Chualathas fuaim an cheoil bhreá Ghaelaigh agus macalla chéimeanna an damhsóra. Bheoigh bród ár dteanga agus cultúr ár n-oidhreachta. Ionas nach ligfidh na tréithe seo i léig, sa mbliana 2002 shocraigh triúr ban Katherine Ní Cheallaigh, Máirín Uí Fhlatharta agus Bernie Uí Dhomhnaill gur mhaith an rud dreach nó cóiriú nua a chur ar halla na scoile.

IBhí airgead mór i gceist. Sheas an pobal leis an gcinneadh. Bhí flaithiúlacht agus féile le mothú le linn an fheachtais airgid. Déanadh an halla a phéinteáil, cuireadh urlár breá maple isteach, dallóga ar na fuinneoga, cuirtíní breátha stáitse agus córas soilse agus fuaime den chéad scoth. Is féidir a rá gur ionad mhór chultúrtha é halla na scoile anseo i gConamara. Le cabhair deontais ó Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta níor fhan euro d'fhiacha ar Choiste an Halla. A bhuíochas sin do chuile eagraíocht, coiste, cumann, lucht gnó, pobal áitiúil, tuismitheoirí, scoláirí agus Bord Bainistíochta na scoile. Rinne an t-Uasal Éamon Ó Cuív oscailt oifigiúil ar halla na scoile ag ceiliúradh an athchóiriú bhreá ar an 7ú Márta 2005.

TEAGMHÁIL

Scoil Náisiúnta Mhic Dara,

An Cheathrú Rua,

Co. na Gaillimhe
Fón - 091-595395

bottom of page