top of page

Polasaí  Ionrollaithe


Tá an polasaí seo leagtha amach de réir an Achta Oideachais 1998 ag Bord Bainistíochta agus foireann Scoil Mhic Dara.


Glacann an Bord Bainistíochta leis go gcabhróidh an polasaí seo le tuismitheoirí i gcásanna ionrollaithe agus freisin go mbeadh an Cathaoirleach, An tAth. Ciarán de Bláca agus An Príomhoide, Mairéad Mhic Dhonncha in ann míniú a thabhairt ar aon phoinntí a eascraíonn as an bpolasaí sin.  
Sé an Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann na deontais ar fáil agus a íocann an fhoireann chun scoil a reachtáil taobh istigh de na rialacha a leagann an Roinn Oideachais agus Scileanna síos ó am go chéile.
Leanann an scoil an Clár Curaclam atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar féidir é athrú ó am go h-am de réir Rialacha 9 agus 30 den Acht Oideachais 1998.


Ciallaíonn se seo:


• Go mór mór i gcásanna ionrolladh páistí le mí-chumas nó
• Riachtanaisí speisialta &rl.
• Cothromaíocht i gcás páirtaíocht agus deiseanna sa scoil.
• Rogha tuismitheoirí i gcás na scoileanna a roghnaíonn said.
• Meas ar dhrifríochtaí m.sh creideamh, traidisiúin, teanga &rl.


Cleachtais Ionrollaithe


1. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Fógraí amach sa 1ú téarma den scoil bhliain- sa nuacht litir sa séipéal i gceantar na scoile agus litir freisin chuig na tuismitheoirí sa náionra aitiúil ag iarraidh ar thuismitheoirí  teagmhail a dhéanamh leis an scoil maidir le ionrollú a bpáistí.


2. Foirmeacha le líonadh ag na tuistí/caomhnóirí maidir le:
• Ainm, aois agus seoladh an dalta
• Ainmneacha tuistí/caomhnóirí
• Aon eolas maidir le sláinte an dalta ar cheart don scoil a bheith ar an eolas faoi.
• Reiligiún
• Aon eolas tábhachtach eile m.sh eolas faoi théarmaí an Education Welfare Act 2000.


3. Cinneadh:
Déanfaidh an Bord Bainistiochta an cinneadh do réir an pholasaí ionrollaithe agus beidh ar an mBord an tuiste/caomhnóir a chur ar an eolas faoin gcinneadh laistigh de 21 lá de réir an Education Welfare Act 2000. Chomh fada is féidir déanfar an cinneadh ag braith ar an spas atá sa scoil ag cur san áireamh treoracha na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir leis an gcoimhneas múinteoirí  agus daltaí
• Ag braith ar aois
• Congar na scoile
• Aon údar dleathnach eile

4. Daltaí a ionrolladh:
- Glactar le tosnaitheoirí ar an 1ú Meán Fómhair chomh fada agus is féidir é sin a dhéanamh.

5. Páistí le riachtanaisí speisialta:
Glacfar le páistí le riachtanaisí speisialta tar éis cóip den tástáil sláinte nó siceolaíochta a chur ar fáil don Bhord Bainistíochta más féidir agus muna bhfuil sé le fáil níor mhór don tuiste/caomhnóir cead a thabhairt chun an tástáil sin a chur ar fáil chomh luath agus is féidir chun go mbeidh sé ar chumas na scoile déileáil go ceart agus go cóir leis na riachtabaisí atá i gceist agus cabhair a fháil ón Roinn Oideachais agus Scileanna  m.sh
• múuinteoir acmhainne
• cúntóir riachtanaisí speisialta
• ábhar speisialta nó troscán nó córas taistil & rl.
• Cóiriú speisialta ar an scoil.
I gcás nach mbíonn na deiseanna seo ar fáil láithreach bheadh ar an mBord Bainistíochta an           t-ionrolladh seo a choinneáil siar go dtí go mbíonn na socraithe cuí déanta.


6. Aistriú ó scoil eile i gcás nach tosnaitheoirí iad:
Chuirfí na cúinsí céanna i bhfeidhm máidir le ionrolladh ó aát nó scoil eile agus atá luaite thuas maidir le ionrollú go ginearálta m.sh.
• Dóthain spáis sna ranganna éagsúla
• Coimhneas múinteoirí/daltaí,
• Riachtanaisí speisialta de réir moltaí na Roinn Oideachas & Scileanna.
Beifear ag súil le tuairisc ar an dalta ón scoil ónár fhág sé nó muna bhfuil sé sin le fáil go mbeadh cead an tuismitheora nó an chaomhnóra le fáil chuige sin. Glactar leis gur féidir na daltaí seo a ionrolladh aon am ach na socraithe cuí a bheith feiliúnach. Cuirfear an scoil ina raibh siad inti ar an eolas chomh luath agus is féidir, go bhfuil an dalta aistrithe agus cláraithe i Scoil Mhic Dara.


7. Cód Smachta
Sa scoil bhliain 2012-2013 bheadh sé i gceist an cháipéis cód smachta a thabhairt le gach iarratas a ndéanfar cinneadh glacadh leis.


8. Déanfar athbreithniú ar an bpolasaí seo an chéad téarma sa scoil bhliain 2012---2013.


Ghlac an Bord Bainistíochta leis an bpolasaí seo.

Sínithe: An tAth. Ciarán de Bláca
Dáta:      30/09/2011

TEAGMHÁIL

Scoil Náisiúnta Mhic Dara,

An Cheathrú Rua,

Co. na Gaillimhe
Fón - 091-595395

bottom of page