top of page

POLASAÍ FRITHBHULAÍOCHTA

Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua. Rolla 19932H

 

POLASAÍ FRITHBHULAÍOCHTA

Tá an polasaí seo bunaithe ar cháipéis an ROE “Treoirlínte ar iompar bulaíochta a chosc”. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí timpeallacht shábháilte agus comhbhách a chruthú inar féidir le gach dalta a lánacmhainneacht féin a chomhlíonadh.

Scoil Náisiúnta Chaitiliceach, Ghaelach í an scoil seo.  Cuirtear béim ar na luachanna Críostúla ins an scoil.  Chuige sin, déanfar chuile iaracht féachaint chuige go bhfaighidh gach duine cothrom na féinne agus nach maslaítear duine ar bith mar gheall ar chreideamh, dath, intleacht, cúrla nó inscne.

Béifear ag éileamh meas agus béasa ó gach dalta i leith a chomhdhaltaí.  Béifear á éileamh go mbeidh daltaí cuirtéiseach, ionraic, coir ag déileáil lena gcomh-dhaltaí sa rang, I dtimpeallacht na scoile i gcoitinne agus ar aon ócáidí scoile in aon áit eile.

Ní ghlacann an scoil le bulaíocht de shaghas ar bith, ná ar leibhéal ar bith i gcomhphobal na scoile. Tá rún daingean ag an mBord Bainistíochta a chinntiú go gcuirfear ar chumas gach ball de chomhphobal na scoile – daltaí, foireann agus tuismitheoirí - bulaíocht a sheachaint. Treoraíonn an cháipéis seo gníomhartha agus eagar laistigh den scoil chun iompar bulaíochta a chosc agus chun déileáil le hiompar bulaíochta.     

Sainmhíniú ar Bhulaíocht
Is féidir bulaíocht a shainmhíniú mar ghníomhartha forrántachta a athdhéantar;  is féidir leis feidhmiú trí chaint, nó brú síceolaíoch/ fisiciúil;  is féidir le duine aonair nó grúpa  í a imirt ar dhuine/dhaoine eile.
Is féidir le bulaíocht bheith ag feidhmiú i bhfoirm forrántacht fisiciúil, damáiste do mhaoin, goid maoine, sracadh, imeaglú, glaonna teileafóin maslaitheacha, aonrú, leasainmneacha maslacha, nótaí a scríobh, r-phoist agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh. Mar chineál d'iompraíocht ionsaitheach bíonn sé, de ghnáth, goilliúnach agus déanta d'aonghnó. Tarlaíonn sé go leanúnach thar tréimhse ama agus déanann sé deacair é don duine a bhíonn ag fulaingt na bulaíochta í/é féin a chosaint. 

Tá sé tábhactach an difríocht a thuiscint idir bulaíocht agus cás aonarach forrántachta, nó iompraíocht frithshóisialta, nach féidir glacadh leo. Nuair is iompraíocht chórasach agus leanúnach a bhíonn i gceist, áfach, is bulaíocht a bhíonn i gceist.

Tá páirt le glacadh ag gach ball de chomhphobal na scoile maidir le hiompar bulaíochta a chosc. 

Bord Bainistíochta
Tá sé de dhualgas ar an mBord Bainistíochta a chinntiú go gcuirfear ar a c/humas ag gach ball de chomhphobal na scoile déileáil go héifeachtach le bulaíocht. Tá rún daingean ag an mBord Bainistíochta am agus acmhainní a chur ar fáil chun an polasaí a chur i bhfeidhm. Cinnteoidh an Bord go mbeidh monatóireacht agus maoirseacht chuí ann le bulaíocht a chosc agus chun déileáil le cásanna nuair a tharlaíonn siad.

Foireann scoile
Cothóidh an fhoireann atmasféar cáirdis, measa agus caoinfhulaingthe. Déanfar forbairt  ar fhéinmheas páistí trí difríochtaí aonaracha agus gaiscí a cheiliúradh, dea-iompar agus múinteacht a aithint go dearfach, agus trí deiseanna a thabhairt do pháistí iad fein a chruthú go maith i gcursaí curaclaim agus sa scoil go ginearálta.   Cabhróidh múinteoirí le daltaí ionbhá a fhorbairt trí na mothúcháin a phlé agus comhthuiscint i leith an duine eile a spreagadh. Cothófar caidreamh le daltaí ar bhonn cóimheasa agus muiníne, ionas go mbeidh iontaoibh ag daltaí as an bhfoireann. Beidh múinteoirí san airdeall maidir le daltaí a nochtann dóibh go bhfuil bulaíocht ar siúl, freagróidh múinteoirí iad go cneasta agus le mothálacht, agus déanfar gach cás bulaíochta a scrúdú.

Pléifidh múinteoirí polasaí frithbhulaíochta na scoile leis na daltaí agus bainfear feidhm as straitéisí i leith bainistíocht iompraíochta a dhíríonn isteach ar réiteach fadhbanna. Cumasófar daltaí, freisin, le páirt ghníomhach a ghlacadh i gcursaí réiteach fadhbanna.

Bainfear úsáid as curaclam foirmeálta na scoile chun oideachas a chur ar na daltaí uile maidir le iompraíocht bulaíochta. Is féidir go mbeidh ceisteanna frithbhulaíochta ardaithe trí mheán clár teagasc creidimh na scoile, an clar maidir le Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte,  an clár “Stay Safe”, na hEalaíona agus/nó Am Ciorcail.

Daltaí
Tá sé de dhualgas ar dhaltaí bheith fulangach agus cómhmheas a bheith acu ar a chéile.  Ba chóir do dhaltaí tuismitheoirí agus muinteoirí a chur ar an eolas maidir le eachtraí bulaíochta.

Tuismitheoirí
Ba chóir do thuismitheoirí iompraíocht dhearfach a spreagadh agus cur i gcoinne iompraíocht dhiúltach sa bhaile agus ar scoil.
Ba chóir do thuismitheoirí páistí a spreagadh chun deacrachtaí a shárú gan forrántacht.  
Ba chóir do thuismitheoirí a mholadh do pháistí rudaí a roinnt, bheith cneasta, bheith comhbhách agus tuisceanach le daoine eile.
Ba chóir go mbeadh tuismitheoirí san airdeall i dtaobh na comharthaí sóirt a thugann le fios go bhfuil bulaíocht á dhéanamh ar  pháiste, nó go bhfuil  páiste i mbun bulaíochta.
Ba choir do thuismitheoirí gan neamhaird a dhéanamh dá n-instinn nuair a fheictear dóibh go bhfuil mí-iompar ar siúl.
Ba chóir do thuismitheoirí polasaí frithbhulaíochta na scoile a phlé leis an bpáiste.
Ba chóir do thuismitheoirí tacú leis an scoil agus leis na hiarrachtaí chun bulaíocht a leigheas agus a sheachaint.

Nósanna imeachta chun iniúchadh a dhéanamh ar chásanna bulaíochta agus déileáil leo

Ba chóir eachtraí bulaíochta a chur in iúl don múinteoir ranga agus/nó don múinteoir i bhfeighil chun go ndéanfaí iniúchadh orthu. Is féidir leis an cur in iúl seo a theacht ó dhalta, tuismitheoir nó cara. Déanfar nótáil ar gach cás bulaíochta atá tromchúiseach nó mar chuid de phatrún iompraíochta, agus déanfar an cás a iniúchadh agus déileálfar leis de réir mar a oireann. Cuirfear tuairisc chuig an Príomhoide i leith cásanna tromchúiseacha. Déanfaidh an Príomhoide iniúchadh ar thuairiscí i leith bulaíocht a tharlaíonn ar an mbealach chun na scoile, nó ar an mbealach abhaile.

Freagairt do bhulaíocht

Tabharfar tacaíocht d'éinne a n-imrítear bulaíocht air, trí deis a thabhairt láithreach dó/di labhairt leis an múinteoir ranga, nó le múinteoir eile, faoin gcás chomh maith le tacaíocht leanúnach nuair a mheasann an duine go bhfuil gá leis.  Geallfar don íospartach go gcabhróidh comhphobal na scoile leis/léi agus go gcuirfear nósanna imeachta monatóireachta i bhfeidhm len iad a chosaint. 

Cuirfidh an scoil an scéal in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí, chomh maith leis na cleachtais a chuirfear i bhfeidhm chun cabhrú leo, agus molfar dóibh tuairisc a thabhairt maidir le cás breise ar bith má tharlaíonn a leithéid. 

Lorgófar cabhair agus tacaíocht do bhulaithe. Ciallóidh seo: go labharfar leo chun a fháil amach conas a tharla dóibh a bheith páirteach san eachtra; go gcuirfear an scéal in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí agus go leanfar ar aghaidh ag obair leo lena n-iompraíocht a athrú.    Tá feidhm ag cód iompraíochta na scoile maidir le bulaíocht. Tabharfar cabhair don bhulaí dearcadh an íospartaigh a thuiscint. D’fhéadfaí na bulaithe a chosc ó bheith i gclós na scoile ag am lóin, nó d’fhéadfaí iad a chur faoi mhonatóireacht speisialta agus dá leanfaí leis an  mbulaíocht is féidir an bulaí a chur ar fionraí, de réir nósanna imeachta.

Cuirfear faoi chód disciplín dalta ar bith a mbíonn baint aige/aici le gníomh díoltais i gcoinne dalta a chuireann bulaíocht in iúl. Úsáidfear cásanna bulaíochta le beartas frithbhulaíochta na scoile a threisiú.  Is féidir go socrófaí cruinnithe leantacha le dul chun cinn a mheas agus/nó le caidreamh a athnuachan.

Daingnithe ag an mBord Bainistíochta ar:  Dáta: 30.092011


Síniú: An tAth. Ciarán de Bláca 

Cathaoirleach, An Bord Bainistíochta.



Aipindic 1  Moltaí do thuismitheoirí

Torthaí bulaíochta
Téann bulaíocht i bhfeidhm ar dhaltaí ar go leor bealaí éagsúla.  Nuair a imrítear bulaíocht ar dhaltaí is féidir go gcuirfí anacair saoil orthu.  Is féidir go ndéanfaí iad a ghortú.  Is féidir go mbeadh eagla orthu roimh theacht ar scoil. Is féidir go gcaillfeadh siad féinmhuinín agus féinmheas, agus go gcuirfidis an milleán orthu féin. I gcás páistí áirithe, is féidir go mbeadh pian bhoilg nó tinnis cinn ag cur as dóibh, tromluithe nó taomanna scaoill. (Téann an míshuaimhneas seo go minic i bhfeidhm ar a gcuid foghlama agus dianmhachnaimh, ar an drochuair.)  Nuair nach dtugtar dúshlán an bhulaí, is féidir le daltaí eile a thuiscint go bhfuil slí éifeachtach aimsithe acu chun déanamh mar is toil leo féin.  

Leideanna i leith bulaíochta – Tuartha/airí comhartha
Tugann na tuartha/airí comhartha seo a leanas le fios go bhfuil bulaíocht á dhéanamh ar dhalta:
• Imní faoi thaisteal ar scoil agus ar ais abhaile - iarraidh ar thuismitheoirí iad a thiomáint nó a bhailiú, bealach taistil a athrú, gnáth-amanna taistil  a sheachaint.
• Drogall i leith freastal ar scoil, diúltú glan freastal, maidhtseáil.
• Titim siar i dtorthaí oideachais, laghdú dianmhachnaimh agus laghdú suime agus díograis i dtaobh na scoile.
• Patrún de thinnis fisiciúla (m.sh tinnis cinn, tinnis boilg)
• Athruithe gan míniú i dtaobh giúmar nó iompraíocht. Is féidir go mbeadh sé níos soiléire roimh filleadh ar scoil tar éis deireadh seachtaine nó go háirithe i ndiaidh saoire scoile níos faide.
• Comharthaí so-fheicthe imní nó anacair – stadaireacht, cúthaileacht, tromluithe, deacrachtaí codlata, caoineadh, séanadh bia, aiseag, fliuchadh leapa.
• Ráitis gan choinne agus gan a bheith de réir carachtair i dtaobh daltaí nó múinteoirí. 
• Iarmhais de chuid an pháiste a bheith briste nó in easnamh.
• An páiste ag lorg airgid nios minicí, nó ag goid.
• Ball craicinn gan míniú nó créachta nó damáiste déanta d’éadaí.
• Leisce ar an bpáiste, nó diúltú glan a rá cad tá cearr leis.

Ní chiallaíonn na comharthaí seo, go cinnte, go bhfuil bulaíocht á imirt ar an bpáiste.   Ach má tharlaíonn siad in athuair, nó le chéile, is fiú iniúchadh níos géire a dhéanamh le fáil amach cad atá ag cur as don pháiste.

Cad a ba chóir a dhéanamh má tá bulaíocht á dhéanamh ar do pháiste
• Déan an eachtra a phlé le do pháiste chun sonraí i leith an méid a thit amach a aimsiú.
• Cuir an páiste ar a s(h)uaimhneas, agus ar an eolas go gcabhróidh tú féin agus an scoil leis/léi.
• Pléigh leis an páiste i leith cad ab fhearr a dhéanamh don chéad chéim eile – is féidir go mbeadh an páiste in ann straitéisí a mholadh.
• Déan é/í a spreagadh chun an cás a chur in iúl don mhúinteoir.
• Déan teagmháil leis an scoil a luaithe agus is féidir.
• Déan iniúchadh leantach le cinntiú go réiteofar an cás.
                                                                  

Cad ba chóir duit a rá le do pháiste, nuair is eol duit go bhfuil bulaíocht á dhéanamh ar dhuine a bhfuil aithne agaibh air
• Abair le múinteoir faoi (faoi rún, más gá)
• Déan teagmháil leis na tuismitheoirí faoi -  déanfaidh siadsan teagmháil leis an scoil.
• Labhair leis an duine a bhfuil bulaíocht á dhéanamh air - is féidir go bhfuil tú in ann cabhrú leis an duine sin.
• Ná glac le hiompar bulaíochta i measc do ghrúpa féin – cuir in iúl nach bhfuil bulaíocht inghlactha.
• Cabhraigh leis an duine a bhfuil bulaíocht á dhéanamh air éalú ón gcruachás.
• Biodh cód disciplín na scoile ar eolas agat agus déan é a leanúint.

Cad ba chóir duit a rá le páiste a bhfuil bulaíocht á dhéanamh air
• Abair le múinteoir láithreach faoi
• Abair le do thuismitheoirí faoi.
• Cabhraigh leis an múinteoir é a iniúchadh. 
• Abair le cara faoin a bhfuil ag tarlú.
• Abair leis an mbulaí stopadh.

TEAGMHÁIL

Scoil Náisiúnta Mhic Dara,

An Cheathrú Rua,

Co. na Gaillimhe
Fón - 091-595395

bottom of page